logo unesco  dublin

Home Visitors

Cuairteoirí

Cuairt ar Chathair Litríochta Bhaile Átha Cliath:

Dublin Spire

Faigheann Baile Átha Cliath greim ar an tsamhlaíocht, tá sé lán de chultúr, imeachtaí, dathanna agus radhairc, cúlra fíortharraingteach atá ann chun iniúchadh a dhéanamh ar stair shuimiúil na cathrach agus ar an gcathair mar atá sí inniu.; Tá meabhrúcháin leanúnacha an tsaoil liteartha le feiceáil ar fud Bhaile Átha Cliath atá ina mbuntréith de phearsantacht na cathrach, idir áiteanna a bhfuil baint acu le lucht liteartha mór le rá agus láthair liteartha bheo an lae inniu.

Le haghaidh faisnéise faoi chuairt a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath: www.visitdublin.com

Le haghaidh faisnéise faoi theacht go Baile Átha Cliath agus conas dul ó áit go háit: www.visitdublin.com/travel

Cuairt a thabhairt ar an gcuid eile d’Éirinn:

Is iomaí duine atá tar éis inspioráid a lorg agus a fháil i dtírdhreach agus i saintréithe na hÉireann; Rinne Synge baile dó féin ar na hOileáin Árann de bharr comhairle a fuair sé ó Yeats. Fuair Yeats féin inspioráid óna thimpeallacht i Sligeach agus i nGaillimh i gcás mórán dá chuid saothair. Tháinig líon ollmhór saothar liteartha Gaeilge ó oileán beag iargúlta i gCiarraí.


         

Caithfidh go bhfuil rud éigin san aer ann...

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chuairt a thabhairt ar an gcuid eile d’Éirinn: www.discoverireland.com

Chun faisnéis a fháil faoi theacht go hÉirinn agus taisteal inti: www.discoverireland.ie/Getting-Around

 
 

Stay Social With Dublin UNESCO

facebook_pngtwitteryoutube

failte_footer3
COPYRIGHT NOTICE PRIVACY POLICY ACCESSIBILITY STATEMENT
  • Increase font size
  • Default font size
  • Decrease font size